Bhíomar in ann cabhrú leo agus muid ag soláthar cúnamh airgeadais i modhanna nua agus orthu sin bhí Deontais Easpórtála agus Deontais Suíomh Gréasáin, agus infheistiú trí Scaireanna Tosaíochta. Tá éileamh mór ar mheantóireacht chomh maith leis an tsraith cúrsaí oiliúna atá againn. Is le cainteanna poiblí, seimineáir agus ceardlanna, gan trácht ar chláir don dara agus don triú leibhéal agus scéim Dhuaiseanna Fiontair Chathair Bhaile Átha Cliath, a spreagaimid daoine le bheith páirteach i saol na fiontraíochta, rud atá ag fabhrú i gcónaí. Bímid páirteach in aontaí trádála sa bhaile agus thar lear agus ag tacú leo.
Is cuid thábhachtach den ghnó anois bheith ag líonrú le daoine eile. Chun sin a éascú bhunaíomar Líonra Ban Gnó Chathair Bhaile Átha Cliath agus le déanaí bhunaíomar Link!, líonra ginearálta d’fhir agus do mhná araon.
Agus cad é romhainn? Tá an chuma air go bhfuil an Tíogar Ceilteach imithe go ceann tamaill. Mar sin féin, agus muid ag amharc chun tosaigh, tá buanna againn. Tá ardleibhéil oideachais ag an bpobal; tá bonn nua-aimseartha tionsclaíochta againn; tá infheistiú mór déanta againn i dtaighde agus i bhforbairt; agus tá córas nuálaíochta againn a nascann codanna éagsúla den gheilleagair le chéile. Ach ar a bharr sin uilig, ar nós fiontraithe mar thú féin, tá ár sáith den uaillmhian agus den fhéinmhuinín againn chun fás a chur le geilleagar na tíre. Táimid samhlaíoch cruthaitheach. Is daoine solúbtha muid, is nuálaithe muid agus is réiteoirí faidhbe muid.
Tá an domhan siúlta ag muintir na hÉireann agus a gcion déanta acu chun geilleagar na dtíortha is rathúla a chur chun cinn. Rinneamar an rud ceannann céanna anseo chomh maith nuair a chruthaíomar an Tíogar Ceilteach. Creidim go daingean gur féidir linn é a dhéanamh arís, agus go dtiocfaimid tríd agus an geilleagar ag dul i dtreo fás inbhuanaithe agus é bunaithe ar dhúshraith dhaingean de ghnóthaí beaga dúchasacha.
Patrick J. Lynch, Cathaoirleach, Bord Fiontair Chathair Bhaile Átha Cliath.