Is gléas luachmhar é do dhaoine a bhfuil smaoineamh gnó acu agus iad ag beartú gnó nua a bhunú, nó do na daoine sin a bhfuil gnó acu cheana agus iad ag iarraidh teacht a bheith acu ar an eolas agus ar an tacaíocht atá ar fáil.
Is soláthróir tábhachtach í Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus, mar údarás pleanála agus forbartha, tá baint aici le gach gné de gach ní a rachaidh i bhfeidhm ar fhorbairt na cathrach sa todhchaí. Cuireann sí suímh ar fáil le forbairt, tugann sí comhairle trí fhoirne comhairleacha ildisciplíneacha chun go gcríochnófar tograí forbartha agus gníomhaíonn sí mar éascaitheoir agus í i mbun cur chuige comhordaithe i gcomhar leis na gníomhaireachtaí uile a bhíonn páirteach léi chun an fhorbairt eacnamaíochta is mó is féidir a bhaint amach.
Is é Baile Átha Cliath ineall gheilleagar na hÉireann agus d’éirigh léi seirbhísí airgeadais agus seirbhísí teicneolaíochta idirnáisiúnta a mhealladh isteach sa chathair. Is lárphointe é i réigiún cruthaitheach eacnamaíochta a mheallann isteach chuige daoine a bhfuil buanna cruthaitheacha acu agus a choinníonn agus a chothaíonn iad agus a gcuid buanna agus a bhaineann tairbhe as a gcumas cruthaitheach agus as na buanna sin. Cé gur éirigh go maith le réigiún Bhaile Átha Cliath a lán gnóthaí idirnáisiúnta, amhail Google, Microsoft agus Yahoo, a mhealladh isteach chuige, tá sé fíorthábhachtach fiontraíocht a chothú sa chathair.
Tá tuiscint ghéar ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar a thábhachtaí atá sé go gcothófar fiontraíocht sa Chathair chun a chinntiú go mbeidh fás eacnamaíochta agus rath ann sa todhchaí. Agus an staid ina bhfuil an saol faoi láthair tá sé riachtanach go gcinnteoimid go leanfaidh an chathair de bheith rafar bríomhar sa todhchaí. Is léir gurb é croí na hoibre sin go dtabharfar tacaíocht agus spreagadh d’fhiontraithe a gcuid smaointe a chur i ngníomh agus an tairbhe is mó a bhaint astu. Tá an fhiontraíocht ar na príomhfhórsaí is cúis le nuálaíocht, le hiomaíocht agus le fás. Is cloch choirnéil sa gheilleagair nua-aimseartha lánfhorbartha í agus is í cuisle an phobail rathúil í.
Léiríodh i dtuarascálacha taighde ar na mallaibh go bhfuil an fhiontraíocht i mBaile Átha Cliath ag éirí níos tábhachtaí mar chuid den gheilleagar. Leanfaidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath de bheith ag obair i gcomhar le gníomhaireachtaí eile, amhail Bord Fiontair na Cathrach, chun spreagadh agus tacaíocht a thabhairt le go bhfásfaidh fiontraíocht sa chathair.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom an deis a thapú chun a rá go nguím gach rath ar an bhfiontar gnó seo.
Tá eolas faoi sheirbhísí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus eolas bunriachtanach gnó ar fáil ar an Suíomh Gréasáin ag www.dublincity.ie
Tá tuilleadh eolais ar fáil fosta ag www.dublin.ie/business
Owen Keegan – Bainisteoir na Cathrach